Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leadaigh na Luaithrigh.Bhí baintreabhach boct ann fadó agus aon mac amháin aicí dar b'ainim Domhnaill. Bhí Domhnaill tuairim oct mbliadhna déag agus ní rabhas aige céard bádh lá cruaidh oibre ann. Bhí an mháthair boct tarraingte ó chéile ag sglábhuidheact amuigh agus istigh ag iarraidh greim a choinneál ina mbéal. Oidhche earraigh amháin bhí an máthair traochta agus d'iarr sí ar an mac cana uisge a thabhairt chuichí act d'eitigh seisean í mar badh gnáthach. Bhí sé sáidhte suas san simléir agus a chosa ins na luaithrigh. B'shin é a ait ó mhaidin go h-oidhche fiú amháin dá mbéadh an griain ag sgoilteadh na gcloch. Tháinic fearg ar an máthair agus tarraing sise amach as an simléar é agus thug sí lasgadh maith dó le slat. Ansin thug sé an cana ina láimh dhó agus thiomáin sí taobh amuigh de'n doras é. B'shin chomh fada is a deacaidh sé. D'fan sé ag caoineadh ag an bing. Bhí gealach iongantach ann an oidhche céadhna agus chuaidh an máthair amach agus d'impidhe sí ar Dia é a thógáil as a radharc. Chonnaic an máthair é ag dul suas, suas agus isteach sa ngealach agus an cana ina láimh aige áit atá sé go dtí an lá atá indiú ann. Tháinic an briseadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Scannláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Scannláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo