Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1
Grádh mo chroidhe mo shaighdiúirín is é ar an mbaile mór,
Grádh mo chroidhe na cailíní go mbíonn dúil acu bheith leo,
Bíonn an gúna in a nglaic acu is an band ag seinim ceóil,
Má's páistí dul thar sáile sibh, mo croidhe go mé me libh. 2
Má's fear ag dul san arm thú is gan smacht ar bith in do cheann,
Bheirimse mo mallacht go bhfearraidhe is go trom,
Nach mbhfearr duit cailín deas agat is gan cóta ar a druim.
Nó do láim i bhpóca an tsaighdiúirín dá laigheadh is bíonn aige ann. 3
Thug tú d'éac a chlabaire sé mo phóca sa tá teann.
Tá páigh gach uile seachtmhain ann is sgilling ó's a chionn
Bhéarfainn do mo stóirín é le hól gus le rinn
Agus cead dom dul ar bhóthar is mo mhála ar mo dhruim.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchóbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Séamus Máigistir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo