Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)

Suíomh:
Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sr. M. de Sales
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gob an Choire (Clochar)
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Rí an Fhásaigh Dhuibh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rí an Fheasaigh Dhuibh
    Bhí Rí in Éirinn aon uair amháin agus bhí aon mac amháin aige. Nuair a bhí an mac bliain is fiche fuair a mháthair bás. Phós a athair bean eile act bhí an leasmháthair go holc dó-san. Maidean amháin samhraidh bhuail mac an Riogh amach a chú lena chois, a sheabhac ar a bhois agus a chapall bréagh dubh dhá iomchar agus níor staon sé is níor stad sé nó go dtáinic sé go bord coille ar imeall locha. Casadh sean-fhearín caol, caithte annsin leis gur ar éigin a bhí an dé ann. "Céad míle fáilte agus sláinte romhat" ar seisean le mac an Riogh. Bheannuigh mac an Riogh ar ais dhó go macánta. D'íarr an sean-fhear de an mbeadh cluithche aca agus bhí mac an Riogh sásta. D'imrigheadar an cluiche act bhuaidh mac an Riogh. "Tabhair do breith" arsa an sean-fhear. Íarram de gheasa ort cloigeann gabhair a chur ar mo leas mháthair agus adharca chómh fada is nach mbéidh sí in ann corrú as an seómra. Maith go leor arsa an sean-fhear beidh sé déanta. Nuair a chuaidh mac an Riogh abhaile bhí brón mór ar gach duine san bpálás mar bhí cloigeann gabhair ar a leas mháthair. Bhí brón ar mac an Riogh é féin anois agus chuaidh sé a codhladh an oidhche sin go trom croidheach. Maidean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Scannláin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Antoine Mac Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo