Scoil: Gob an Choire (Clochar) (uimhir rolla 16890)
- Suíomh:
- Gob an Choire, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sr. M. de Sales
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháín bhí sgata ban ag faireadh a gcuid bó ar an mbuaile. Lá breágh gréine a bhí ann agus níorbh fhada go bhfacadar girrfhiadh ag teacht agus ag dul treasna tríd na beithidhigh. Thoisig an girrfhiadh ag diúl ar na ba. Thuit an lug ar an lag ar na mnaibh agus do rith cuid aca leo agus a gcroidhe in a mbeal. Níorbh fhada go raibh sgéál an ghirrfhiadh in a ráfla ar fud na h-áite.
An lá dár gcionn chuaidh na fir go dtí an buaile agus na beithidhigh leo. Tháinig an girrfhiadh agus thoisigh sé ag dúil ar na ba díreach mar rinne sé an lá roimhe sin. Chuaidh na fir chomh fada leis ach níor chorruigh sé go raibh siad i bhfoisgeacht trí nó ceithre de shlataibh do. Annsin d'imthigh an girrfhiadh leis agus shuidh sé síos ar chnochán ar a chorra geábh. Chaith duine de na fir maide leis. D'imthigh an girrfhiadh i ndiaidh an mhaide agus rug sé in a bhéal é agus as go bráthach leis. Ansin shocruigh na fir go dtiocfadh siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Giollabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Giollabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Sraithíní, Co. Mhaigh Eo