Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 388
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aoinne. Do bhí fear ag dul abhaile ó ard Mhóir oíche agus do chonaic sé sprid Henry Bagge agus madra beag bán a bhíodh ag Henry i gcónaí nuair a bhí sé beo. Do rith an fear abhaile comh mear agus do bhí aige. Ní fhacha an fear aon rud ar feadh tamaill ach cúpla oíche ina dhiaidh sin do chonaic sé tarbh mór agus teine ag teacht as a shúile. Ní fhaca aoinne Henry Bagge ina dhiaidh sin.
- Do bhí ceathrar fear ann fadó agud chuadar go Clothín le cruithneacht.
Fuair duine aca an t-airgead agus tháinigh sé abhaile roimh an chuid eile. Nuair a bhí sé ag teacht gairid do Lios Mór do léim beirt fear amach thar an gclaidhe agus bhí gunnaí acu.
Dúradar leis dul ar a ghlúna agus thógadar a raibh aige ina phócaí. Nuair do chuaidh an fear abhaile dúirt sé leis na póilíní é. Do rug na póilíní ar am mbeirt. Caitheadar dul go dtí an chúirt ach níor mhóidigh an fear ortha ar aon chor agus do scaoileadh arís iad.- Bailitheoir
- Seán Ó Cuilliú
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Treó
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 70
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge