Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 401
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)haoine.
- Bhí fear ann fadó. Oíche amháin chuaidh sé síos go dtí an lios. Bhí cóta dearg agus bríste bán air. Bhí bróga glasa air.
Chonaic sé sean sighe istigh sa lios.
"Cá bhfuil tú ag dul?" arsa an fear síghe leis.
"Táim ag dul ag obair" arsa an fear.
Chuaidh sé abhaile anseo. Bhí sé ana-dhorcha.
Nuair a bhí sé ag dul isteach an geata chonaic sé sprid. Bhí cóta mór bhán air. Bhí solus ar lasadh istigh 'na shúile. Do leig an sprid scréach as agus do chuir sé ana-eagla air.- Bailitheoir
- Siobhán Ícidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ícidhe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Bhí fear ann fadó. Bhí sé pósta. Bhí beirt mhach aige. Bhí ana-chuid airgid aige leis. An oíche seo chuaidh sé suas go dtí an tigh ósta.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí sé an-dorcha. Chonaic sé sprid. Bhí cóta mór bán air. Chuir sé eagla ar an bhfear. Rith sé abhaile ach lean an sprid é. Nuair a chuaidh sé isteach sa tigh bhí a bean tar éis báis. Dúirt sé leo cad do bhain dí. Dúradar gur chuaidh sí amach. Nuair a tháinigh sé isteach shuí sí síos ar an gcathaoir.(leanann ar an chéad leathanach eile)