Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 170
  3. XML “Seanphaidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sean Phaidreacha
    "An codhladh sin atá ort, a Mháthair?"
    "Ní h-eadh ach aisling-Coróin spíona le gabhail air Do-cheann-sa i mbáraach. Rópaí caola cruaidhe cnáibeacha. Do chuid fola uasal ag éirigh i n-áirde. Ag tuitim arís i lár na sráide."
    "Ó is fíor é a Mháthair."
    Níl fear, bean nó páiste dearfas an phaidir sin trí h-uaire i n-uile lá, nach mbeidh an Mhaighdean Mhuire sea i lathair báis
    Is mé an créatúr lag faoi ualach throm
    Dá mhéád mo pheacadh is aithreach liom
    Aidghim, creidim i nDia go síor
    Le grádh mo chroidh 'gus le dochás fíor
    Ar cois na croiche amharcuighim suas
    Ó Íosa ár dTighearna claonaidh anuas
    Luighim ar mo thaobh dheis agus codhluighim ar mo thaobh chlé
    Diúltuighim don ainspiorad 'gus gabhaim leis an Spiorad Naomh
    Ceithre choirneál mo leabtha ceithre haingle ar mo scaball
    Ma gheibhim-se bás ó seo go maidín flaithis Dé go rabh mo leabaidh.
    Coiscéim domh sa bhealach
    An Spiorad Naomh go neamh-eaglach
    I gcéill agus i gcuimhne
    Ó Chríost is duit a chuimhnuighim mo choisceim.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    M. Ó Rodaighe
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Seaghain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    94