School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 172

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 172

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 172
  3. XML “Scéal fá Chnoc Laoin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    féin agus ag n-a mhnaoi nuair a thainig sceala isteach go rabh an ceathrar déartharach báidhte ar áit atá annsin a dtugann siad "Oradóg" air. Bhí an buaidhreamh a bhí ann mór agus bhi a mathair mór amuigh ar na cnuic ag caoineadh agus ag sgairtigh ortha. Aon tráthnóna amháin thainig an ceathrar fhad leis an doras agus d'fiafraigh siad duíthe an rabh dadaidh bruithte aice? Agus dubhairt sí go rabh pota bréagh brachán ar an teine. Annsin d'fiafraigh siad duíthe an rabh salann air agus dubhairt sí nach rabh. Annsin d'iarr siad uirthi gan gráinín ar bith salainn a chur air nó nach dtiocfadh leobtha-san? a ithe. Rinne sí mar a d'iarr siad agus nuair a bhí an brachán bruithte d'ith siad a n-dothán de. Annsin d'fiafraigh sí daobtha ca n-áit a rabh siad nó a' rabh bealach a réidteach. Dubhairt siad go rabh siad i n-áit mhaith, nó i n-áit iad-san a bháitheadh nár fliuchadh bárriall? a mbróg agus nach dtiocfaidhe a dtabhairt arais mar dtágfaidhe Cnoc Laoin, gan lorg créfóige? a fhághail air, ón talamh. D'iarr siad uirthí gan níos mó buaidheartha bheith uirthi i n-a ndhiaidh nach bhfeicfide iad-san arís níos mó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Mac Seaghain
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Cheapach, Co. Donegal
    Informant
    Tomás Mac Seaghain
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    94