Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tháinic sé ann a chrochaidheacht fhéin arais. Bhain sé an eochair as uibh agus shiubhail sé leis caol díreach go dtí an caislean a raibh an fathach agus inghean Ríogh Chnoc an Óir ‘n-a gcomhnaidhe ann.
    Nuair a tháinic an fathach isteach tráthnóna tar éis a lae seilge níor leig sé dadaidh air ach suidhe isteach chuig a shuipear. Ní’l ann ach go raibh sé socair i gceart anns an chathaoir nuair a tháinic mac Ríogh na hÉireann air go for - mhothuighthe, bhuail sé leis an eochair é agus mharbhuigh é.
    Annsin bhailigh sé fhéin agus inghean Ríogh Chnoc an Óir cibé saidhbhreas a fuair siad fán chaislean agus d’imthigh leobhtha. Níor stad siad den turas gur bhain siad baile chnoc an óir amach
    Bhí lúthghair mhór ar an Ríogh rompa agus chuir sé céad míle fáilte roimh a inghin agus mac Ríogh na hÉireann agus nuair a chonnaic sé an ghaisgidheacht a rinn mac an Ríogh rinn sé rí de ar Chnoc an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    38
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall