Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)11. Aois an duine:-
fíche bliadhain ag teacht,
fíche bliadhain go maith,
fíche bliadhain ag meith,
agus fíche bliadhain ar cuma ann ná as é.
12. Ag coigilt teineadh ar loch,
ag cathadh cloch le cuan,
Comhairle a thabhairt do mhnaoi bhorb
Ná buille de ribe ar iarann fhuar.
13. An eascon ag ithe a rubaill.
14. An strainsear i n-aice an dainsear.
15. Aithnigheann ciaróg ciaróg eile.
16. An t-é nach bhfuil ciall aige bheirfidh an saoghal ciall do.
17. An t-é a phósfas bean talaimh béidh a phócaí i gcomhnaidhe follamh.
18. An t-é ar treise leis lann bíodh an gadhar bán 's an fiadh aige.
19. An áit a bhfuil an t-ór téidheann go leor de amugha.
20. An t-é a bhualtar sa cheann bíonn eagla air.
21. An t-é is ciúine is é is buaine.(leanann ar an chéad leathanach eile)