Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fá choinne an t-siubhail. Tar éis slán a fhágailt ag a athair agus ag a mháthair, d’fhág sé an baile tamalt roimh an scoile.
Chonnaic inghean an duine uasail é ag imtheacht agus nuair a chonnaic ghleas sí an carr agus d’imthigh sí ‘n-a dhiaidh. Tháinic sí fhad leis fá mhíle de’n scoil agus chuir sí ceist air caidé thug air imtheacht go luath agus d’imthigh sé. Dubhairt sé go raibh sé ag imtheacht ar seirbhis agus chuir sí ceist air caidé bhí á thabhairt ar shiubhal.
“Tá”, ar seisean, “scarann boichtíneacht cuideachta mhaith ó cheile”.
D’fhág sé slán aici agus bhog leis. Siubhal sé leis go raibh sé i mBéal Feirsde agus chuaidh sé a obair ag fear a bhí ag deanamh bádaí. D’oibir sé leis annsin ar feadh trí bliadna go raibh sé i gcionn a sheacht mbliadhain déag agus rinn sé suas a intinn go n-imtheóchadh sé ‘n-a mhairnéalach ar cheann de na bádaí.
Ba’ é an chead tír a deachaidh sé ann Tír na Sorcha agus ó sin ‘n-a Geármáine.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall