School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
![The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0064](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0064.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0064
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0064
- XML “An Leasmháthair Dhona”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)In aon teach amháin a bhíodar ag obair. Bhí an-olc ag an mbeirt inghean seo don leas inghean. Deir an sean fhocal féin. "Céard a dhéanfadh mac an chait acht luch a mharbhú". Annsin lá amháin dúbhairt an bheirt inghean lé fear an tighe go raibh a leas deirbhshiúr indhon coinnleóir fhágháil a bheadh ar lasadh gan aon choinneal a bheith innti. D'iarr an fear don leas-inghean an raibh sí i ndhon an coinnleóir seo a fhágháil. Níor dhubhairt an leas-inghean tada acht thosuigh sí ag caoineadh. Dubhairt an fear ná raibh aon úghdar caoineadh aici agus go dtiubhradh sé fhéin dhá mhála óir dí dhá bhfuigheadh sí an coinnleóir dhó, agus muna bhfuigheadh go mbainfeadh sé an ceann dí.
Ins an oidhche annsin d'imthigh sí léithe go dtí roilig a raibh a máthair curtha. Shuidh sí síos agus thosuigh sí ag caoineadh. Ba ghearr go dtáinig a máthai[r] go dtí í agus d'iarr sí dí céard a bhí uirthi. D'innis a h-inghean dí. 'O' arsa an mháthair innseóchaidh mise dhuit cá bhfuighidh tú an choinnleóir sin. Seo dhuit m'aprún agus an mhias(continues on next page)- Informant
- Brighid Bean Uí Conghaola
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Occupation
- Bean táilliúra
- Address
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe