Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 640
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)267) Cailín tighe mhóir go deo ní ghlacfaid mar bíonn greim ró mhór aice agus blogam ró-annamh268) Is maith an treoruidhe an t-anrógh269) Níor dhóigh an sean chat é feín acht dhóigh an sean chab é feín270) Briseann an duthchas tré shúile an chait271) Is maith é an congnamh ins gach áit acht ag an mbord272) Is measa duine i bpoll ná beirt ar bord273) Do chuid spuir féin is capall nacomharsan274) Airgead cailighe á mhún le ballaí 'gus a chruaidhe is a shaothruigh sí féin é.275) An té le cumhang fágadh276) Bris beag i mbaile bocht luach trí leithphingne de bhaitiléirí277 Is fearr an cú a shiubhlas ná an chú a chuireas a ceann i n-a cúb278) Oinneach Uí Bhriain is a dhá shúil i n-a dhiaidh279) Ni maith ó maoidhtear is ní h-oineach ó h-iarrtar280) Cuairt ghearr agus imtheacht buidheach
A dhéanamh go h-annamh i dteach do charad281) Is fearr fabhar sa gcúirt na bonn sa sparán282) Níl poinnte 'sa dlighe is fearr ná a shéanadh283) Ní fhághann cos i n-a comhnaidhe tada ach ní fhághann an chos shiubhalach tigheacht thairte.284) Níl luibh ná leigheas i n-aghaidh an bháis285) An luibh nach bhfáightear 'sé leigheasanns286) Tobac tar éis bidh ar bhean an tighe bíodh sin
Gach bacach dá ngabhadh an t-slighe,
Is rí bheag an cíos dó é sin.287) Is mairg a cailltear le uair annamh (anfadh)288) Is mairg a bhíos go h-olc is go bocht i n-a dhiaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)