Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 155
- XML “Aimsir na Soupers”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an 'ruchar an bíobla agus thuit sé ar an mbóthar is níor dhfan pioc le chéile dho. Do bhí Seán ar a dhícheall ag iarraidh é bhailiú suas ach theip air. D'imtig na billeoga tímpal an bhóthair agus chaith Seán casadh ar a sháil arís. Ní ragadh eínne thar doras taréis tuitim na h-oidhche go ceann a bhfad na dhiaidh sin le h-eagla roimis na Soupers.
Bhí fear bocht i gCathair Cuinn agus bhí mór-seisear ingean aige. Cailíní óga breághtha dob eadh iad ó na h-ocht mbliadna déag suas. Ní raibh aon ruaine bídh aca agus ní thógfadh sé an "Soup" mar ná tabharfadh sé suas chreideamh.Do cailleadh na cailíní duine ar dhuine fé mar bhíodh duine aca caillte do bhuailfeadh sé ar a dhrom í agus d'imthighead leis an bóthar siar go DúnUrlan, agus gruaidh fada buidhe an óigmhná ag scuabadh an bóthair na dhiaidh. Thug sé an mór-sheisear aca an roilg duine ar dhuine. Chuirfeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)