Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 008

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    le ’n-a chéile, agus nuair a thug sé an gúna chúichí i gcionn laé agus bliadna do bhí an cúrsa cómh brónach aici is bhí sé riamh, agus do thug sí an
    oidhche sin ag gol agus a’ glán (ochlán) ins a’ leabaidh agus i ndeire na h-oidhche amach do labhair a’ guth arís léi: "dá mbeinn-se mar tu," ars a’ guth, "Do chuirfinn acht ar mh’athair gúna síoda a sholáthar dom do bheadh ar dath an óir," agus do chuir san misneach arís ar an inghín agus do chódail
    sí an chuid eile dho’n oidhche is lar na mháireach ar sise le ’n-a h-athair ná posfadh sí é chun go soláthruíoch sé gúna síoda dhi bheadh ar dath an óir. Do bhuinn san lá agus bliadhain arís de sar a raibh a’ gúna curtha le ’n-a chéile aige agus do thug sé chúicí an gúna dianta. Nuair a bhí - do bhí an oidhche sin cómh buadhartha arís aici agus do bhí na h-oidhcheannta roime sin agus do bhí sí a’ gol thríd an oidhche ins a’ leabaidh, agus i ndeire na h-oidhche amach do labhair a’ guth arís léi, agus ars a' guth léi, go gcuirfeadh sí féin acht ar a h-athair gúna a sholáthar di - síoda - go mbeadh gach aon dath fé’n spéir ann, agus lar na mháireach annsan dubhairt sí le ’n-a h-athair go gcaithfeadh sé an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    19 November 1935
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant