[Máire, Bean Uí Áilígheasa (máthair Mhichíl) ar na Túiríní, do chuir na h-amhráin seo leanas san Edifón ’n-a tigh féin ar an 22/12/'35]
Bhí buachaill ag aodhaireacht fudó agus bhí ceann
aca (desna buaibh) agus bhíodh sí crostála mar a bheadh sí a’ bearrabóireacht nó rud éigin:
"Sí an Chaithiseach," ar seisean, "a chealg go léir mé,
"Ná leogfadh sí féin dom chead suídhe
Ach í ’fhaire ar a’ nGeadaig is ar a m Bléinnin
Chun teacht ar a dtaobh eile dhíobh.
Ó’s do chreacfadh sí baile is leath Éirinn,
Is do bheárrfadh (i) maith - thréada gan moill.
Go bhfuil dualgais nár mhuar ort í aodhaireacht,
(i) Do bheárrfadh sí tréadh mhaith (maith-thréad) - dhorn maith stuic, ba gheárr a’ mhoill uirrthí scoth na n-eireaball a bhuinnt díobh.