Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)Mar ’fuair Máire bhonn sa lian ’sa droch nuachrach ináirde, och ochón ’s im’ boch ochón!Chualadh é seo agem’ ghran’ - aunt. Seadh! "Drifúr Thomáis Ruaidh.
- Seo paidir a bhí ag sean daoine fudó nuair a ’bheadh a’ bhó i dtinneas:
"Go mbeannuíghe Dia thu a bhó,
Go mbeannuighe Dia do laog.
Go mbeannuíg Peadar agus Pól
Fí dhó sibh araon." Siné é anois..[Paidir le rádh le h-aghaidh dul thar abhainn nó ar
a’ bhfairrge] :
"Tá an caise seo láidir doimhin,
A Rí na Foidhne glac mo lámh,
"Ar eagla neart na tuile tréine,
"Á Mhuire saor sin is ná báidh."Diarfá é sin nuair a bheithfá a gabhailt thar an abhainn - thar a’ dtuile - nó sa bhfairrge(continues on next page)