Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)aidhthe aige is do chinngbheóch a’ sgrí thusa ar feadh-
is dócha ar feadh bliadna. (ó, dear me, cad ná
raibh ’n-a cheann súd! - Tá áit ’dir Chíll a’ Ghoirtín agus Cathair Shamháin
go dtugaidh siad (1 Clais An Áthán Doimhin air
agus do chídhtí gadhar reguláltha annsan, Do
chualadh daoíne chríona ’á rádh go minic, agus do
thagadh sé as a ngadhar go n-úmpuíoch sí
amach ’n-a spríd agus go marbhuíoch sí daoine,
agus do bhíos-sa a’ gabháilt oidhche an áit chiadna
a’ teacht ó’n Snaídhm ar - tímpal ’dir a
h-aon agus a dó a chlog -agus bhíos istig sa chlais
agus ’chonnac an ungna ghadhair - d’fhiach sé angna
mhuar ’dir mé agus an solus - oidhche ná raibh ao’
ghealach un ach do bhí sí ana-gheal - agus nuair
a bhíos-sa chlais agus an gadhar os mo chionn
in-áirde, d’fhiach sé dhom go raibh oiread
beithídhig un. "Seadh!", ar-sa, "á fhaid a bhíonn
a’ poithín a’ dul go dtí an tobhar tuiteann
a’ tón as, agus ’á fhaidh dómh-sa amuich is
baoghlach liom go bhfuil -", nuair a chualadh
(1.Isleán má clais atá ar a’ mbóthar ’dir Cill a’ goirtín
agus Cathair Shamhain, tuairm is leath-slí ’dir an dá áit.(continues on next page)