Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)Cáit is baoghalach go ndíolfadh sí as - go bhfaigheadh sí 'Abysína,' ach n’fheadar arú, ní bhfaigheadh mar bhí sé ró-shocair an fear bocht. Is maith
a’ t-slíghe ro raibh sé is dócha dá mbeadh fear eile ’n-a bhróga go raibh sí marbh. - Seo eachtra eile ’tá agam mar gheall ar Mhicí Shímuin agus bhí a lán eachtraidhthe mar gheall air mar fear ana-phléisiúrtha a b’eadh é, agus fear giar tuisgionnach a b’eadh é ’n-a theannta san. Bhí ceann maith air agus do dhin sé a lán
jobanna deasa. Fiú amáin do dhin sé an diabhal de féin aon uair amháin chuin airgead
a thabhairt do bhainntribhigh bhoicht do bhí ann do choinngibh cómharsa uaithi, agus dhearbhuig an cómharsa agus a mhac gur dhíol sé an t-airgead léi agus níor dhíol ná pingin go dtí gur tháinig
Micí Shímuin agus crúb chapaill air astoidhche agus
fuair sé lóistín an agus chonnaic an cailín crúb a’ chapaill ar Mhicí agus do rith sí sa t-seómra(continues on next page)