Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- Tá eachtra beag eile agam a chuirfidh mé ann agus sin a gcuirfidh mé ann faid a
mhairfidh mé is dócha. Tá a bhfuil agam ann - tá a bhfuil im’ cheann anois agus nuair ins ga’ h-aon ruaine dhíom tá sé istig ann. Eachtra é seo i dtaobh an fhir chiadna, Peaidí Ó Coinleáin a bhí ’n-a chómhnuidhe ar Ínse An D... beannacht Dé len’ anm, agus a mhac, Mike, a bhí ’á ’nisint dómh-sa. Bhí Peaidí Martin ’n-a chómhnuidhe dtaobh thuas de sa teórainn aige agus do bhí sé go maith as, ach bhí cat dubh aige go h-áirithe ’gus bhí sé ana-chriona agus do bhi
muca agus ba marbh age Peaidí i gcómhnuidhe agus bhí feamlí muar air: ach bhí an cat so ai..
go h-áirithe sa tig agus nuair a bhí an fheóil ai. . fúnach ar í úsaid, ní leogfadh a’ cat aonne
ngoire na feóla ach fáin bean a’ tíghe - ní leogfadh sé aonne ’on fheaimlí i ngoire na feóla
agus ní itheadh sé féin aon ruaine dhi go dtí go
bhfaigheadh sé í - an cat féin : ach la ’osna laéthannta go h-áirithe bhí ingean Pheaidí,
chuaidh sí chúin smut de’n fheoil a thabhairt léi(continues on next page)