Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- Bhí saoghal un fudó ná raibh aon ghlaodhach age
dochtuiridhthe ’á fhághail ach - ná iad ann - well, is dócha go rabhdar ann ach máiseadh ní raibh aon trioblóid ’á chuir orrtha agus ní chreid na sean
daoine go raibh aon leigheas aca. Bhí dóchtuir ar a’ gCoirreán san am san go dtugaidís
Dochtúir Hanifín air agus máiseadh n’fheaca-sa riamh a’ teacht fé dhéin aonne é, agus bhí sé a’ maireachtaint ar pé salary beag a bhí aige agus é a dtig bheag annsan fé mar a bheadh aodhaire bó ach do bhí ana- éileamh ar ól aige agus fhthas gur ana-dhochtúir a b’eadh é ’á bhfaigheadh sé
aonní le dianamh, ach ní fhaigheadh ná ní chreideadh na sean daoine seo go raibh ao’ mhaith ann, ach bhí aithne agam ar sheana bhean agus do bhí sí a’ dianamh a beatha, agus is dócha gurbh í sin an bheatha go dtugaidh siad "a’ bheatha chaol
bhrioghdánach," air - ná raibh breis airgid ag an mnaoi bhoicht ’á dhianamh, ach bhí sí a’ muireachtaint go h-áirithint é ag imtheacht ó bhaile go baile ’á gcloisfeadh sí aonne go mbeadh aon(continues on next page)