Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)a’ Segersunach. "Is cuma dhuit," arsa a Segersunach "lean ort, staic amadáin ó Chinárd é sin."
"Im’ briathar féin amhuise," arsa a’ mínistir, "gur amadán iarainn é." Do bhuail a’ ministir
anuas agus ní raibh sé sásta. "As dóigh liom." ars an ministir, "dá mbeinn a’ cainnt annso
ar feadh bliadna ná fiadfainn muíntir Phróiste an Phriara d’úntáilt." D’imthigh a’ ministir agus n’fheacathas beó ná marbh a bpróiste an Phriara ó shoin é, agus siné mo
scial-sa agus má tá briag un bíodh. - Do chómhnuig fear fudó ar a’ Lóthar gurbh ainm do Peaidí Ó Séaghdha agus píobaire a
b’eadh é. Do tháinig sé go Próiste an Phriara
é féin agus a bhean agus do chaith sé seal a bPróiste an Phriara. Do bhíodh scoil rínnce aige. Do bhíodh muarán desna buachaillí óga agus na
cailíní óga a’ taisteal air agus bhíodh sé a’ múineadh an rínnce dhóibh. Do chuaidh sé as san(continues on next page)