Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 010

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 010

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Is samhal a bhí cúirt bhreágh annsan is a’ dorus ar oscailt agus teine bhreágh aduidhthe ann agus ní raibh aonne istig sa tig ach fáin seana chat glas
    a bhí ’n-a shuidhe ar aghaidh na teine amach.
    Nuair a chuaidh sí isteach, nuair ná feacaidh sí aonne, níor dhin sí ach seasamh ar a’ dtaobh istic 'on dorus, a’s i gcionn tamaill do labhair a’ seana chat léi, agus ’sé an nídh adubhairt sé: "dá mbeinn-se mar a bheadh óig-bhean ghlánta dhod’ shaghas-sa do thiocfainn aníos chun na teine agus do theannfainn agus do théidfinn me fhéinig".
    Tháinigh sí aníos chun na teine agus do théidh sí i féin leis a’ dteine agus nuair a bhí sí te annsan do labhair a’ cat arís léi agus ar seisean léi: "Dá
    mbeinn-se mar a bheadh óig- bhean ghlánta dhod'
    shaghas-sa, tá seómra suas annsan go bhfuil dosaon nó trí diag de mhiasaibh bid leogaidhthe amach ann agus d’íosfainn mo dhóithin
    as pecu mias ba mhaith liom". D’imthigh sí suas agus do bhí an biadh leogaidhthe amach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    19 November 1935
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant