Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 011

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    roímpi ar a’ mbórd agus do thriaill sí gach ceann aca agus d’ith sí a dóithin as a’ méis is fearr a thaithn léi agus nuair a bhí san dianta aici do tháinig sí anuas chun na teine arís. "Seadh 'nois," ars' a’ cat, "dá mbeinn-se mar a bheadh óig-bhean ghlánta dhod’ shaghas tá seómhra síos dannsan go bhfuil dosaon nó trí dhiag de leapachaibh ann, agus do shínfinn pecu leabaidh aca
    'b’fheárr liom," agus d’imthigh sí síos agus do chuaidh sí agus do thriaill sí gach leabaidh aca agus do shín sí sa leabaidh is fearr aca ’cheap sí. Ní raibh sí
    i bhfad sínte annsan ins san am gur bhraith sí na daoine ’teacht isteach. Tháinig dosaon nó trí
    diag d’fhearaibh óga isteach agus d’imíodar suas ins a’ t-seómra, an áit go raibh a’ biadh agus nuair a - do labhair duine aca agus dubhairt sé gur chorruígheadh a mhías féinig ó shocruígheadh ar maidin í. Dubhairt an tarna duine an cleas ciadna is bhíodar mar sin siar go h-imeall, agus dubhairt duine ’ca gur ith sé a dhóithin as a mhéis féin go h-áirithnú. Seadh! d’itheadar a’ biadh is nuair a bhí sé ithte aca, do bhuaileadar anuas agus chuadar ins a’ t-seómra síos san áit go raibh a’ bhean is dubhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    19 November 1935
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant