Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)duine ’ca gur chorruígheadh a leabaidh féinig ó dineadh
suas ar maidin í. Dubhairt duin’ eile ’ca gur corruígheadh a leabaidh féin aileis. Dubhradar a’ chainnt sin siar go h-imeall. "Ó, tá sí im’ leabaidh-se,"
arsa duine ’ca. "Ó," ar síse ’á fhreagairt go n-eireóch sí féinig as a’ leabaidh. "Ó, ní eireóir", ar seisean "mar ná leogfad-sa dhuit é." "Ó," dubhairt sí leis leogaint do (di) eiriúghadh gur oil di dul amach a’ dorus go h-áirithint. Seadh! bhí sé a diúlthúghadh dhí í leogaint amach. Dubhairt sí leis
í leogaint amach is go dtíochfadh - focal - go
dtabharfadh sí focal do go dtiochfadh sí thar n-ais arís. Seadh! ba dheochair leis gan í leogaint amach, agus d’imthigh sí amach agus cómh luath is fuair sí thar dorus í féinig phreab sí sa t-siúbhal is d’fhág sí annsan iad.
Dhin sí gach aon deabha ’fhiad sí dirdim ó’n dtig ar eagla go leanfaidís í agus bhí sí a
chur di a rith na h-oidhche agus lar na mháireach agus í ad iarraidh gabháilt amach as a’ gcoill is n’fhiadtach sí le h-aon t-saghas gnótha an choill ’fhágaint, ar slíghe is go raibh sí mar sin go dtí gur rug an oidhche arís errthi. Nuair a(continues on next page)