Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)tháinig an oidhche arís. Nuair a tháinig an oidhche arís do chonnaic sí an solus bhuaithi ins a’ choíll agus do dhin sé fé ’n-a dhéin agus cá mbeadh sí ’ ná ins a tigh chiadna agus do bhí an seana chat sa bhfuirm ciadna roímpe go raibh sé an oidhche roime sin agus dubhairt sé léi dá mbeadh sé mar a bheadh óig - bhean ghlánta dhá saghas go dtíocfadh sé aníos chun na
teine agus go dteannfadh is go dtéidhfeadh sé é féinig.
Tháinig sí go dtí an teine. Dubhairt sé ar a’ gcuma gciadna léi, nuair a bhí sí te, dhá mbeadh sé mar a bheadh óig-bhean ghlánta, dhá saghas go raghadh sé ’on t-seómhra ’bhí suas annsan go raibh dosaon nó trí diag de mhiasaibh bídh ann a’s go n-íosfadh sé a dhóithin as pecu mias aca ba mhaith leis. Chuaidh sí suas agus d’ith sí a cuid bídh is b’fhéidir go raibh gádh maith aici leis, agus do tháinig sí anuas arís is do chuaidh sí - stiúruigh sé go dtí an seómra síos í chun na leapthacha. D’imthigh sí agus do chuaidh sí síos agus d’fhiach sí ar gach leabaidh aca agus chuaidh sí Insa leabaidh chiadna go raibh sí aréir roime
sin. Thángadar na fir isteach agus do bhí an cómhrádh ciadna ’ca an oidhche seo do bhí aréir roime sin agus nuair
a chuadar a chodla, dubhairt duine ’ca go raibh sí(continues on next page)