Volume: CBÉ 0148

Date
9 December 1935
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 163

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 163

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    163
    sin ach é siúd," fsé, le fear a’ tíghe, "ní thabh
    arfá fé ndeara mo ghadhar?" Níor thugas
    amhuise," f fear a’ tíghe, "fé ndeara an cadhai
    i n-ao’ chor ach do chonnac a’ ghadhar lead.
    cois nuair a chuadhbhair isteach." Do bhí an
    gadhar fé’n mbórd," fsé, "chun dur thuiteas
    ar meisge agus tá trí ciad púnt," fsé, "beirtha
    bhuaim agus is measa liom," fh sé, "mar ar
    chuaidh a’ gadhar abhaile." ghluais sé air abh)
    aile agus ’sé an chiad fhiafrúghadh a dhin sé
    nuair a tháinig sé abhaile ar tháinig a’ gadhí
    ar. Ththas leis nár tháinig. Bhí san go maid
    agus amáireach nuair a chuadar ag obair é
    féinig agus a bhuachaill. Seadh ’sheáin," fhsé.
    leis a’ mbuachaill, "ba bhreágh an rud dómh
    sa," f sé, "dá gcoimeádfainn tusa lém’ chois,"
    fsé, "ní bheinn cómh follamh indiu is táim.
    "Cad a bhuinn duit?" f a’ buachaill.
    "Do bhuinn," fhsé, "gur chailleas mo chuid
    airgid ar fad," fhsé, "imthighthe bhuaim agus rud
    is measa ná san liom, fsé, "tá an gadhar
    "imthighthe, "ach anois," f sé, "níl leigheas air
    agus dhinimís amhrán a bhéil dúnta de," fsé,"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant