Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)169
cómhrac laé agus oidhche agus do bhí sé a chur de chun
dur chuaidh sé go tig Diarmhuid Uí Foghladha
a mbun a’ bhealaig. Chuaidh sé isteach agus dearg sé
a phíop agus d’eirigh sé amach agus bhuail sé an bulach
amach agus do chonnaic sé doirichiú’ muar cheatha
thoir theas i’s a’ spéir. Do bhí faill mhuar
un a bhí a’ erochadh amach ar chliathán a’ bhóthai
agus plás breágh fé’n bhfaill. "Seadh, fsé, "as
maith an áit," f sé, "go rabhas ó’n gcith,"
Do luigh sé isteach agus do thug sé fé ndeara
go raibh capall ’n-a seasamh a n-aice na
faille agus níor thóg sé aon notice di mar do
bhíodh muarán capall sa chnoc, gí nuair a bhí
an cith a’ scaipe d’eirigh sé ’n-a shuidhe. Do
labhair a’ capall leis, g is dócha nuair a
labhair a’ capall gur tháinig crith cos g lámha
air. "Ná h-imthig go fóil," fhsé, "púcha iseadh
mise agus ní baoghal go ndianfad-sa ainní leat
ach is geárr," agus sé, "do bhficfeadh tu ungna
’gabháilt an bóthar." D’fhan sé mar a raibh
aige ’n-a sheasamh agus ba gheárr go bhfeaca sé
an chú ghléigheal a’ teacht air aníos an bhulach.
"Seadh ’nois," f a’ púcha, "din a’ deabha is(continues on next page)