Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
![The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 209](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0148%2FCBE_0148_209.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0148, Page 209
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
- (continued from previous page)209
t-aile leis a’ roth eile gur chuadar is dócha
tímpal agus fiche rámhan nó bhféidir dachad raman
go láidir gur chuadar amach ar a’ mbóthar trim
i do cheap ga’ h-aonne ’chonnaic é nó chualaidh
gur dhin sé é gur maith an - ná raibh sé i
bpoier aon fir é dhianamh - ach fear ana-
láidir a b’eadh é, agus fear de mhuíntir Súillobháin
a bhí ar a’ mbaile bhí ’á ínnsint dómh-sa go
raibh sé a’ fiachaint air, go raibh sé féin ’n-a
diaidh agus ualach eile muir aige. Bhí sé a’ cuir
de mhar sin agus an aimsir ag imtheacht is gan
ao’ bhean ’á fhághailt do agus d’fhiafraigh sé lá
de chómharsain nó duin’ éigineach tímpal connus
a dhianfí cleamhnas. "Ó mhuise ’neosfad-sa duit
é sin, a Mhicí," fsé, "beirt a bheith i gcró."
fhsé, "ag duine ’fhaire chúcha. Sin mar a dhintear
cleamhnas." Seadh! i ndomhnach do ghlaodhaig sé
isteach ar - d’innis sé a scial d’fhear - do’n
fear so - ag d’fhiafruigh sé dhe a raghadh sé
cró i n-aénacht leis agus go bhfaigheadh sé teach-
taire éigineach eile a bheadh a’ faire chúcha.
"Á ará’", do dhianfadh san an gnó go maith."
é, "do raghainn go maith," f sé, "ach ar ndóighthir(continues on next page)