Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)níl aon inghean agam-sa a thabharfainn duit.
[Deire fiteáin 279.]
[Tosach fiteáin 280 (a)]
Níl aon inghean agam a thabharfainn duit ach ar ndóighthir fiadfair duin’ éigineach eile ’fhághail," dúirt sé, "nó raghad-sa i n-aénacht leat," dúirt sé "agus tabharfam fé é dhianamh agus gheóbhaimíd duin’ éigineach a bheidh a faire chúghainn." Do fuaireadar agus do chuadar sa chró is seo iad a’ dianamh a’ chleamhnais agus dá mbeidís sa chró ó shoin ní raghadh a’ cleamnas - níor chuaidh a’ cleamhnas chun cínn. Ach fé dheire is fé dhianaídhe d’imthig a’ t-athair nuair a b’fhada leis a bhí sé ’dul air agus do sholáthair sé bean do agus do phós sé agus tá a chlann ’n-a dhiaidh i n-Imleach Muar fós.
(Deire fiteáin 280 (a).]
[Tosach fiteáin 280 (b).] - Chuala muarán Éireann scialta mar gheall ar mhadraí ruadha agus imh’ am-sa agus mé ag eiriúghadh suas im’ lad óg bhí madraí ruadha(continues on next page)