Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)330
f é, "ag tá sé níosa mhó ná mílle míle as so,"
é, "agus b’fhe’ go mbeadh thuairisg aige sin duit."
"Ó, ní bheinn-se annsan go deó!"g sé. "Is cuma
dhuit," fhsé, "b’fhé’ go mbeithfá." Seadh! chuir sé
tneó bhídh air annsan is dheaghadar chun codla-
tá is chodluíodar is d’eirigh sé ar maidin is
dhin sé suas a bhropfeast do is d’ith sé é.
D’eirigh, sé amach annsan is seana réins éigin
aige. Bise ar phony bheag a bhí sa coíll is
tháinig sí chuige. "Théidhir i n-áirde errthí sin
anois," g é sin, "g beir un chun do dhíneir ach
ná tar anuas i n-ao’ chor di’ f é sin. Seadh,
d’imthigh a’ pony - d’imthigh sí ar nós na gaoíthe -
is chur sé go bial a’ doruis é is deagaidh sé
isteach chuige sin. Seodh, d’fháiltig sé roine
mhac óg Rí Éire agus d’fhiafraigh sé dhe cá raibh
a thuiall. I sé gur fé dhéin bidéal uisce ó
Thobar Oileán dheire an Domhain, go raibh eos
tinn agen’ athair is gur maith leis braon de
fhaghail chun í leigheas. Seadh! do dhin sé suas
a dhínéar do annsan is d’itheadar é agus a’
suipéar is na h-aonní i dteannta chéile is
bhíodar a’ seanachuíocht. "Seadh, tá mo dritháir(continues on next page)