Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 December 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)adf
duil
as
557
ratha aonne agaibh a dhul ’á n-úmpáilt sibh
éin, mar b’fhéidir nár dhóighthí slíghe - rud- a
’imeóch orraibh ná dul láistíos díobh agus iad a
chaitheamh anuas orraibh í sibh féin a bhascadh,
Tagfaidh siad san amach," fsé, "fé mar a chuadar
isteach." Is dócha go raibh duine - bhí trí thighthe
un - i bhí duine ós ga’ h-aon tig ga’ h-aon
neómat amuich ar a’ gcnocán na feadradar
aon neómat cathain a bascfí na beithídhig.
Is ró-gheárr go bhfeacadar fear i ndiaidh na
mbeithioch i na beithidhig a’ corruíghe ag ’theacht
é dhéin na h-áite gur chuadar isteach i do
cuireadh ga’ h-aon cheann aca amach go saor
sábhálta gí chonnacadar a’ duine ’n-a ndiaidh g
n’fheacadar aonne as san amach ag is dócha nách
túisce a chonnachthas amuich iad ná gur chuaidh
beirt, triún, fé ’n-a ndéin agus thugadar leo air a’
dtalamh socair anuas ó’n bhfaill iad gan leog
aint dóibh dul isteach arís, i do dhineadar
amach nár chuir aonne riamh amach as a’
bhfaill na beithídhig ach fáin dianmhuidh. Well,
d’fhág Diarmhuid a’ leabaidh sin t’réis bliain
fiche thabhairt un agus do chonnac féinig é(continues on next page)