Volume: CBÉ 0352

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0006

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis ’na' bhaile í.
    Bhí ’n bheirt annsin ’na gcomhnuigh ar an oilean agus, gan críostaidhe acu acht iolar mór le cuideachta a chongbhail leo. Nuair a bhí siad dara bliadhantach 'na gcomhnuigh ar an oilean, d’éirigh ’n t-iolar mór
    aon lá amháin agus chraith se é féin.
    "Iolair mhóir" arsa inghean a’ ríogh, "ca bhful tú gabhail anois?"
    "Tá mé gabhail ’a d’amharc ar d'athair agus ar do leas mháthair" ar' seisean.
    Bheir si greim air agus thacht sí é. Bhuail sí ar chloch a bhac agus ar leachacha na teineadh
    é, go dtí gur sgabh sí a chuid fola uilig. Shíl sí gur fhág si marbh é agus caith sí i gclúdaigh na mónadh é. Chruinnigh 'n t-iolar é fhéin suas
    agus d’imthigh leis ar eiteogaí, agus níor stad sé go dtainig se isteach ’dtoigh ’n ríogh. D’éirigh ’n bhainrioghain óg agus chuir fáilte roimhe.
    "Iolair mhóir" ar’ sise, "carb’ as anois thú?"
    "As Oilean Glas na dTrí mBeann a’ taobh deas de Éirinn".
    "Cé tá annsin anois?"
    "Mac a’ ríogh, inghean a’ ríogh, go neamh-bhuadhartha,
    neamh-aircearach, a sáith le h-ithe agus le h-ól
    acu agus iad na gceann mhaith domhsa"..
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    26 April 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant