Volume: CBÉ 0352

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0064

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0064

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. Tá mé mo suidhe ó d’éirigh gealach" areir.
    Chualaidh sé an t-abhrán seo ag go leór daoine ar
    an bhaile d’iomaite de Róise Ní Dhuibheanaigh.
    I
    Tá mé mo shuidhe ó d’éirigh gealach aréir
    Ag cur teineadh síos ’s arist ’a fadughadh go géar.
    Tá bunadh a’ toighe uilig ’na luighe acht mé fhéin
    Tá na coiligh a‘ glaoidh, ’s ta’n saoghal 'na gcodhladh acht mé.
    II
    Is buachaill ón Éirne mé bhréagfadh cailín deas óg.
    Ní iarrfainn bo (de) spré léí, nó tá mé fhéin saidhbhir go leor
    Is liom Corcaigh a mhéad, dhá thaobh a’ ghleanna ’s Tír-Eoghain,
    'S mar n-athruigh mé beásaí, is liom Éire, acht Conndae Mhuigh Eó.
    III
    Acht go bé ’n t-ól bhéadh cóta deas ar mo dhruim,
    Stocaí 'gus bróga, agus cró maith seasgair do’n chloinn
    Acht ’s iad na mnaibh óga a mheabhruigh ’n t-olc ann mo chionn,
    'S da leighfinn-se leobhtha, go deo nach mbainfeadh siad liom.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant