Volume: CBÉ 0352
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)ar a mhnaol.
3.
Níor mhaith liomh do shúil a bheith bruighte tuirseach
do’n ghreann.
Do chorpan geal úr a’ súgradh ar bhárraibh na dhtonn,
Na tonnaí 'bhí tréan a’ lúbadh tharad anall,
'S do láimh ar a’ stúir ’s tú a’ dúil le beith i bhflaithis gan mhoill.
4.
Da bhfeicthea Conn Mór a’ cuartugadh cladach a's poll,
Ag iarraidh tuairisg na mbuachall a fuadughadh
amach ar a’ tuinn,
Chuartuigh sé na cuantaí, acht níor bhaoghal de na leitheid
'bheith ann.
Nó go bhfuair sé a dtuairisg thall ar an iomaire cham.
5.
A Fhearagail, a dhearbhrathair, má ta tusa i bhFlaitheas
na Naomh,
Iarr furtacht ar an Árd Ríogh le bhur bhfághail ’sa’ chladach seo thíos,
Nó mar bhfuighfidhe acht cnámh daoibh ar a’ leic atá
le na thaoibh
Bhéadh d’athair bocht sásta agus athrugadh mór fada
ar a mmhnaoi.