Volume: CBÉ 0352

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0164

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0352, Page 0164

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (no title)

    Bhí lánamhain ann fad ó shoin agus ní rabh acu acht aon inghean amháin arbh' ainm dí Eibhlín.

    Fuair sí ’n t-abhrán ó Róise Ní Duibheanaigh as Rann-na- Feirsde, atá marbh le ceithre bliadhna agus a bhí 90bl, an uair sin. Bhí adhbhar an abháin aicí fosta:-
    Bhí lánamhain ann fad ó shoin agus ní rabh acht aon inghean amháin arbh’ ainm dí Eibhlín. Bhí Eibhlín iongantach dóigheamhail. Fuair an mhathair bás agus go gearr i ndiaidh a báis thug Eibhlín léithe cuid éadaigh a máthara, aon lá amháin, agus chuir uirthe é. Chomh luath géar agus chonnaic a’ t-athair í cóirighthe i n-éideadh a máthara, thuit sé i ngrádh uirthi, agus ba é ’n deireadh a bhí air go mbéigean de Eibhlín imtheacht.
    Bhí ’n t-athair iongantach buadhartha nuair a chonnaic
    sé goidé bhí déanta aige, agus chum sé abhrán fa
    dtaobh duithe.
    (Ní feasach domh go bhfuil an chead dá cheathramh ag duine ar bith eile ’san áit)
    1.
    Eibhlín, ma éagaim, bí ar m'fhaise,
    Déan faoide ’sna cluintear thú caoi,
    Nó gurbh’ fheárr liom-sa mar rogha bheith i dtalamh,
    Nó bheith i mbuaidhreadh ’s i n-easbhaidh mar táim.
    11.
    An grádh thug fear chéillidhe do’n chailín
    'S nach bhfághann faoiseamh nó go dtéigh sé faoi dhlaoi.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    1936
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant