Volume: CBÉ 0352
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)Níór chuir tú ann d’fhaoiside trian do pheacaidh,
Agus tú go tapaidh triall ’un siubhail,
Ma rinne tú caraid ariamh de Mhuire,.
Tiocfaidh sí chugat ar uair do bháis,
Gabhaidhfidh si go cruaidh do leith-sgéal.
Agus geobhaidh sí toradh ó Righ na nGrást'
Imtheochaidh ’n t-anam a’ sgreadhaigh' s a' sgreachaigh
Agus é 'lig go léír chomh dubh leis a’ ghual,
Tusa ’n cholainn impleach mhalluighthe
'Sé mo léan géar ma rugadh tú riamh
D’fhág tú mé go siorraidhe i n-Ifrionn
Cionnas nar chongbhuigh tú creideamh no réim,,
"Bréagach thú" arsa’n cholainn,
Ni dhearn mé ’n t-olc ó sgar tú liom,
D’fhág tú mé gan luth gan lathair.
Mo luighe ’san uaigh ’smo chnámha lom. (no title)
“Mo cháirde gaoil gur thréig mé...”
You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.