School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 575
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Grinn
“Bhí triúr mac de Chlann Aindriú na Maoile ins an tír seo fadó agus deirtear rud ar bith a d'inniseadh muintir an bhaile dóibh chreideadh siad é.”
Bhí triúr mac de Chlann Aindriú na Maoile ins an tír seo fadó agus deirtear rud ar bith a d'innseadh muinntir an bhaile dóibh chreideadh siad é. Falsóirí do bhí ionnta mar ní dheanfadh siad aon obair ó cheann ceann na bliana agus ní cuirfeadh siad cumhdach ar bith ar an teach na go mbíodh an geamhar fásta aníos tríd. Fuair a n-athair agus a mháthair bás nuair a bhí siad óg. Ins an tráth sin ní raibh sgoil ná léigheann le fághail ag daoine óga mar tá anois agus d'fhás siad suas gan fios aca ar mhórán ach do réir mar bhíodh chuile dhuine ag cur in a gcloigeann agus chreideadh siad gach nídh a d'innseóchaidh dóibh. Bhí fear amháin aca darbh ainm Seán agus deirtear go raibh sé ní ba chliste ná aon chuid eile agus nuair a bhíodh ceist ar bith le réidhteach d'fhágadh i mbreitheamhnas Sheáin. Bhí siad lá amháin amuigh agus chonnaic siad seilmide na luighe ar chloich agus ní raibh fhíos ag ceachtar aca céard e.(continues on next page)- Collector
- Máire Iósephín Muilleach
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Graith
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male