School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 576
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Grinn (continued)
“Bhí triúr mac de Chlann Aindriú na Maoile ins an tír seo fadó agus deirtear rud ar bith a d'inniseadh muintir an bhaile dóibh chreideadh siad é.”
(continued from previous page)D'fhiafruigh fear aca do'n bh'fear eile céard é sin agus ní raibh fhios aige. Fiafhruigheadh do Sheán é ar deireadh. "Níl fhios agam" arsa Seán "ach is rud eicint é" agus uaidh sin amach dá bhfeiceadh siad seilmide Óró Óro" adeireadh siad "anc an rudeiane"
Bhí siad lá eile thart timcheall an tigh agus casadh fear an bealach agus bhí sé ag cainnt leo tamall agus nuair a thug sé fá deara go raibh geamhar fásta ar an teach. "Tuige" ar seiseann "nach ngearann sibh an geamhar sin agus nach n-iosfadh an bhó é. Dubhairt Seán go ngearrfadh imbárach.
Nuair a tháinig lá ar na bhárach chuimhnigh siad ar phlean eile sé sin an bhó a chur suas ar an teach agus go n-iosfadh sí an geamhar. Thosaigh siad ag reathai uirthe thart ar an teach sháruigh ortha a cur suas.Bhí fear sportúil ag dul an bealach agus dubhairt leo binn an tigh a leagan agus go siubhalfeadh sí suas. Rinne siad sin agus sháruigh sí ortha. Tháinig fear eile an bealach agus dubhairt leo an (co) cloigeann a(continues on next page)- Collector
- Máire Iósephín Muilleach
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Graith
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male