School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtáinig siad go dtí aill mór. Chuaidh an Badaoin suas ar a mhullach go bfheiceadh sé an raibh aon teach in aice leis. Dubhairt sé go bhfaca sé mar a bhéadh préachán i bhfad uaidh. Chuaidh siad go dtí an áit acht ceard a bhí ann ach teach a bhí an saidhbhir teach ríoghdha; teach a raibh cailín amháin ann. Dubhairt an chlann mhac leis an rí dul go dtí an teach sin, agus chuaidh. Nuair a fuair an clann mhac imthighthe é chuaidh siad amach sa bfairrge, agus d'fhágh siad an rí annsin agus thógh siad an cailín leo. Bhí saighdiurí sa teach sin a bhíodh [?] i gcomnuidhe ag troid le daoine eile. Nuair a tháinig an maidin dubhairt na saighdiurí leis an rí gan na ba do leigint isteach sa gcoill agus dubhairt sé nach leigfeadh. Lá ar na bhárach leig sé na ba isteach sa gcoill. Tháinig fathach amach, agus thosaigh an bheirt ag troid, agus mharbhuigh Badaoin an fathach. Nuair a tháinig na saighdiurí d'iarr siad den rí ar leig siad sé [?] na ba isteach agus dubhairt sé nár leig Lá ar na bhárach dubhairt siad an rud(continues on next page)
- Collector
- Cáit Ní Nuadhain
- Gender
- Female
- Address
- An tInbhear, Co. Mayo
- Informant
- Antona Ó Dochartaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- An Gort Breac Thuaidh, Co. Mayo