School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
![The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 705](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_705.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 705
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acu i b'fhearr leat corruigeacht ar leacracha dearga na dhul go sgeana glasa mór in easnach a chéile" arsan fathach. "B'fhearr liom corruigeacht ar leacracha dearga na dhul go sgeana glasa móra in easnach a chéile an rud a cleacht mé in mo thir fhéin" arsan Baideán. Rug an bheirt acu greim cruaidh ar a chéile agus bhí siad ag déanamh bogán do'n cruaidhtán agus cruaidhtán gan bhogán agus nuair a chonnaic an Baideán nach raibh fear a shínte ná a chaointe le fágáil thug sé fásgadh amháin dó a chur go dtí a ghluna é, an darna fásgadh go dtí a bhásta agus an tríomhadh fásgadh go dtí a mhuinéal. "Fod glas os do chionn a bhodaigh bróigh" "Ma leigean tú as seo mé tabharfaidh mé mo chaisleán is mo chlaidheamh is gach ar bhain dom duit" arsan fathach. "Cá bhfuil do claidheamh" arsan Baideán. "Tá sé crochta ar an crann sin shíos agus bí ar d'aire fhéin na bainfidh sé an ceann díot" arsan fathach. "Ó tabharfaidh mé aire mhaith dhom fhéin" arsan Baideán. Fuair an Baideán an claidheamh agus thainig sé go dtí an fathach tharraing sé buille amháin air agus bhain(continues on next page)
- Collector
- Máire Muiltheach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mayo