School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
![The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 708](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_708.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 708
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leo" arsan Baideán. Tharraing sé buille amháin is bhain sé an ceann dí. Ní dheárna sé acht an claideamh a sháthadh isteach in-a clúais is a caitheadh sa gceis céadhna is caith sé na claigne eile. Annsin chuaidh sé abhaile agus réidthigh sé an teach agus ní raibh sé i bhfad go dtanaig na triúr gaisgídhe agus iad trom tuirseach. "Tá rud mór le n-éirigh dúinn caithfidh sé, níor chualaidh muid búir fathaigh ná géim cailligh anocht" ar siad san. "Ó béidir gur níos luagha ná sin é arsan Baideán. Annsin nígh siad agus ghlan siad iad fhéin agus chuaidh siad a codladh trom tuirseach. Acht chomh luath géar is ghealaigh an lá arís bhí na gaisgídhe in-a suidhe acht bhí an Baideán in-a shuidhe chomh luath leo agus nuair a bhí siad gar a bheith réidh le n-imtheacht dúbhairt an Baideán "feicim sibh ag imtheacht chuile lá agus sibh ag tigheacht san oidhche trom tuirseach agus ché'n áith a mbíonn sibh ná cé leis a mbíonn sibh ag troid ná cé faoi a bíonn sibh ag trois agus ní imtíghe sibh gan mise indiú." "Ní bhéidh tú linn ná ní gróchann ar bith dúinn thú(continues on next page)
- Collector
- Máire Muiltheach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mayo