School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teachers: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
![The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 78](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0131%2FCBES_0131_78.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 78
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 78
- XML “Seán an Gháis Phónair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus bhi an fathach imithighthe ar a chuairt aríst. Niorbh fhada gur chualaidh síad ag tigeacht é agus chuir an bhean isteach ibpaoil é ar fhaitchíos go bhfeiceadh an fathach sé an céad rud adubhairt sé ná “Airighean boladh an Éireannaigh bhréagaigh bhradaigh annseo” “Ní áirigheann tú boladh éireannaigh bhréagaigh bhradaigh annseo ars’ an bhean leis. “Bhfuil tú cinnte” ar seisean “Tá” ar sise agus annsin chuaidh an fathach a’ chodhladh.
Nuair bhi sé sgathamh ina chodladh tháinic an gasúr amach as an bpaoil agus thug leis claidheamh iongantach a bhi leagtha ar an mbord. Agus sios leis bealach an chrainn go dtáinic sé go dtí a theach feín aír a raibh a mhathair ag fanacht leis.
An triomhadh oidhche chuaidh(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Ceathrú na gCloch, Co. Mayo
- Informant
- Úna Ní Thaidhg
- Gender
- Female
- Age
- 90
- Address
- Ceathrú na gCloch, Co. Mayo