School: Cill Mhór Iorruis
- Location:
- An Sáilín, Co. Mayo
- Teacher: Seán S. Ó Cróinín

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0134, Page 217
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mhór Iorruis
- XML Page 217
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuaidh mé suas an bóithrín is chuaidh mé anuas an bóithrín is thug mé an bóithrín liom ar mo dhruim.
Freagra (Dréimire)
Tháinig sé isteachy ar dhruim na ndaoine is chuaidh sé amach comh mín le síoda.
Freagra (Moin)
Bhí teach beag agam agus ní suidhifeadh tú ann acht ní cómhaireamh a bhfuil sa mbaile mór na fuinneoga ata ann
Freagra (Mearachán)
Chuaidh mé suas le fáinne an lae connaic mé rud beag in a luighe sa bhféar, níorbh iasg é, is níorbh feoil, fuil na cnamh is choinnigh mé é gur gur siubhal sé uaidh fhein.
Freagra (Ubh)
Chuaidh mé suas an bóithrin is thug mé liom rud nach raibh mé a iarraidh
Freagra (Dealg)
Ceard é an rud a bhíos ag corruigheadh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní hÓistín
- Gender
- Female
- Address
- Imleach Beag Theas, Co. Mayo
- Informant
- Pádhraig Ó Gacháin
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Imleach Beag Theas, Co. Mayo