School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 215
- XML “An Dá Dheartháir”
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tigh feirmeóra agus innis sé an sgéal ann.
Dubhradh leis braon uisce beannuighthe a thabhair leis an céad oidhche eile agus é chaitheamh a agus a d'fhiafruighe do cad é an trioblóid a bhí air.
Dhein sé é sin agus dubhairt sé leis dul abhaile arís agus go raibh púnt fe chois an bhúird agus culaith a cheannach do féin air.
Chuaidh sé abhaile. Fuair sé an púnt. Cheannuig sé an culaith agus ní fheaca sé as sin amach é. - Tomhasanna
1. Fear fada fionn na sheasamh sa ngleann gan dada na cheann acht diabhail agus deamhain. Frg feochadán.
2. Bean fhada uasal ag scúabadh an caisleáin gan craobh gan cuaille gan sguabh gan scathán. Frg. An g[h]aoth.
3. Féach annsúd sa chúinne é agus d[h]á chéad súil ann. Frg. corcán anbhruit[h]e.
4. Trí chois anáirde dhá chois ar thalamh. Ceann an duine b[h]eo i mbéal an duine mharbh. Frg. fear agus corcán ar a cheann aige.
5. Bairille bán agus dhá shag[h]as biadh ann. Frg. ubh.
6. Tobairín fíor-uisge ar fíor-bhárr an (bhárr an) tsléibhe fuinneoigín gloine agus doraisín cré. Frg. do shúil.
7. Ceathrar ag rith ceathrar ag [?] cruit agus beirt ag déanamh eolais. Frg. bó ag rith- Collector
- Seán Ó Lonáin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford