School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal
- XML Page 040
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag gabhail suas an staighre agus leig sé an láimh leis.
Thuit an fear i laige agus thionntuighan fear anuas agus fuair greim ar an lámh agus ghreamuigh ar a ghualainn aríst é.
Annsin d’éirigh an fear a bhí i laige agus fuair sé an t-airgead aríst. - Bhí fir ins an Ghleann seo tuairm as fiche bliadhain ó shoin dar b’ainm daobhtha laighiní agus bhí púnt beag aca agus theidheamh siad anonn go Sligeach agus aríst. Ach uair amháin chuaidh siad anonn agus nuair a bhí siad ag teacht araise tháinic an stoirim. Bhí bucoid leobhtha. Thoisigh an t-uisge a theacht isteach agus theann siad ar na madaí-ramhaí, agus fá dheireadh landáil siad i gcuibhreann preataí. Nuair a tháinic siad amach as an bhad thiocfadh leobhtha a gcuid lámha a chur amach eadar na claraí.
- Bhí fear i na chomhnaidhe ar an coillte Fanaid darbh ainm Seán De Burca. Bhí sé lá amháin é fhéin agus cupla fear eile amuigh ins na sléibhte ag déanamh poitín. Nuair a bhí siad tamall maith ag déanamh póitín(continues on next page)