Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Donegal
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 271
- XML “Scéal Eile fán Diabhal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seul eile fá'n DiabhalBhí fear ann aon uair amháin agus bhí triúr mac aige. Oidhche amháin bhí baicle fear i dtoigh an fhir seo agus bhí achan fear accau ag innse a scéil féin. Fá dheireadh dubhairt an mac b'óige go n-imtheochad sé leis go bhfuighead sé amach brigh na h-eagla agus brigh an uaignis. Thúsaigh na fir uilig a mhagadh air. Fuair an buachaill bata agus d'imthigh sé leis.
Shiubhail sé leis agus fá dheireadh casadh fear mor ábalta air. Cá bhfuil do thriall arsa an faer mór. "Tá', arsa an buachaill 'tá mé ag imtheacht liom go bhfághaidh mé amach brigh na h-eagla agus brigh an uaignis". Ná gabh níos faide, arsa an fear mór, Is mise sin, is mé an diabhal. 'Bhí fhios agam sin; arsa an buachaill, 'nó tá na cosa atá ort cosamhail le cosa capaill'. An bhfuil eagla ort romham" arsa an diabhal leis. "Níl aon dath" arsa an buachaill leis. "Níl" arsa an buachaill agus léim sé suas ar a dhruim. Fá dheireadh d'fhiafraigh an buachaill de'n diabhal a'rabh sé tursach agus eiseal a leigint anuas da dhruim. Dubhairt an diabhal nach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal