Scoil: Sliabh Liag

Suíomh:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Múinteoir:
Caitlín Nic An tSaoir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Liag
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “Scéal - Ó Brían”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sagairt caidé a rinne sé d’innis siad do go rabh sé cáillte muna bhfághfadh sé an leitir sin arais, na d’áithin siadsan ar aon gur as Ifrionn a thainig sí agus go mbéadh sí ag obair a choidhche go bhfághfadh sí eisean síos agus go n-éireochadh léithí nuair a bhí’n leitir aicí. Acht ní rabh aon dóigh aige an leitir a fhághail go dtéidheadh sé síos go h-Ifrionn fa na choinne. Bíodh fhíos agat nach lúthghair a bhí air nuair a chualaidh sé go rabh aige lé ghabhail sios go h-Ifrionn fa choinne a leitir.
    Ní rabh fhios aige an bheálach, agus ni rabh fhios ag na Sagairt eile ach oiread. Caidé bhí ag an duine bocht lé deanamh. Sa deireadh d’innis fear a tíghe do go rabh feár na luighe shuas i n-uaighe mhóir os cionn an tíghe. Ba fear é a rinne an uile séort ólcais in a shaogail agus seo an áit -cómhnaidhe a bhí aige, agus mura mbéadh seisean i n-innibh an beálach go h-Ifrionn a thaisbeant do nach rabh fhios aige aon duine eile a thaisbeanfadh.
    D’imtigh sé suas agus cinnte go leór bhí’n fear na h-uaimhe na luighe annsin na chodladh. Mhusgail an Sagart Óg é agus d’innis sé a sgéul dó agus d’fiafraigh dó an dtiocfadh leis an beálach go h-Ifrionn a thaisbeant do. Dúbhairt sé go dtaisbeanfadh, na go rabh fhios aige go maith toiseach a bheálaigh agus ní amhain sin acht go dtabhairfeadh sé an eóchair do a d’fosglochadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0756B: The Devil's Contract
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic a' t Saoir
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mac a' Bhaird
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Mín na bhFiann, Co. Donegal