School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 115
- XML “Scéal - An Camán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Nois ar seisean, caithfidh tú bhéith ag siubhal a choidhche go bhfuig tú sgánnradh agus ní thig leat codhladh dha oidhche indiadh a chéile san ait amhain”.
Chuaidh sé abhaile agus d’innis sé goidé d’éirigh do do na dheirbhsiúr.
Rinne sí sin lón beag do agus d’imtigh sé leis ar béal maidne. Bhí sé ag siubhal leis go clap - sholais agus annsin chonnaic sé bóitheach beag fa ghiota do. Chuaidh sé isteach ann leis an oidhche a chaitheamh ann. Shuidh sé agus d’ít a lón. Bhí gráinín luachmhair sa choirneál agus sín sé é fein air agus chodlaigh leis go maidin.
D’éirigh sé agus siubhal leis an dára lá go clap sholais arais. Chonnaic sé teach mór fa ghiota do agus dar leis fein iarrfaidh mé lóistín go maidin annsin. Tharrang sé ar an teach agus chonnaic sé dha fear ag tárrangt air anuas. D’fiafraigh siad do ca rabh sé ag gabhail. D’innis sé daobhtha gur ag iarraidh lóistín na h-oidhche san teach mór sin a bhí sé ag dul.
D’innis siad do go dtiocfadh leis fánacht ann na nach rabh aon duine ‘na chómhnuidhe ann. Phíll siad leis agus leig siad isteach é, las siad sólus dó sa chisteannaigh agus d’fág buideál uisge beátha dó ar an tábla. D’imtigh siad amách ar an doras agus d’fág é.
Shuidh sé ag an tábla agus a cheann chrom aige(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac a' Bhaird
- Gender
- Male
- Age
- 76