School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 29
- XML “Scéal - An Cearrbhach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill óg ann aon uair amhain agus bhíodh sé amuigh go déidheannach ag ceárbhachas an uile oidhche. Bhí án - dúil aige ins na cárdaibh.
Oidhche amhain bhí se ag teacht abhaile mar ba gnáthach leis agus chonnaic sé néal dubh in a chásan. leis sin amach lé cailín óg dóigheamhail as an néal agus sheásaigh in a chásan. “Tusa, ar sise, an fear a bhíos amuigh I dtolamh go mall ag ceárbhachas”. “Is mé” ar seisean. “Suidh” ar an chathaoir seo go mbéidh cluithche againn”, arsa sise.
Lé sin tcídh sé tabla agus deic cárdaí air agus dha chathaoir. Bhí oireadh dé chathuighthe air leis na cardaíbh gur shuidh sé. D’imir siad cúpla cluithche agus dúbhairt sí annsin, “Anois imreóchaidh muid agus an t-é a bhainfeas an cluithche seo caithfidh sé gabhail suas go bárr an cnuic sin thall ar an leithid seo do lá ‘ga ainmniughadh” “Maith go leor” arsan bhuachaill. D’imir siad an cluithche agus bhain seisean é.
Dúbhairt sise leis go gcaithfeadh sé gabhail suas anois agus dúbhairt sé go rachfadh cinnte da mbéadh sise suas. Gheall sí go mbéadh agus nuair a d’iarr sé cómhartha oirthí go mbéadh se amhlaidh. Ní dheárn sí a’n dath acht snáthad a chuir in a laimh go dtainig an fhuil agus sgríobh sí síos a ainm ar ghiota pháipéir lé na cuid fola fein. Thug(continues on next page)- Collector
- Prionnseas Mac Giolla Easpuig
- Gender
- Male
- Address
- Mín na bhFachrán, Co. Donegal
- Informant
- Anna Ní Giolla Easpuig
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Mín na bhFachrán, Co. Donegal